Beidh Scéalta as Tír Chonaill (cnuasach a cúig), atá curtha in áirithe ag Mícheál Mac Giolla Easbuic, a sheoladh ag Joe Mc Hugh, Aire Stáit na Gaeltachta agus beidh Condaí Phroinnseais Mac Cuinneagáin agus Ceolta Theilinn a sheoladh ag Lilis Ó Laoire ar an ócáid chéanna in Óstán an Blue Haven ag 3.30 i.n. ar an Satharn 9 Nollaig.

Is scéalta béaloidis iad ‘Scéalta as Tír Chonaill’ a chruinnigh Séamus MacMánas ina óige ar dhá thaobh na gCruach agus ’sé seo an chúigiú cnuasach de na chuid scéalta. Chuir Séamus i gcló i Meiriceá iad ag deireadh na naoú haoise déag agus ag tús na fichiú haoise. Tá an leabhar seo ag teacht ins na sála ag ‘Páidí Dubh as Tír Chonaill’ agus ceithre chnuasach eile de ‘Scéalta as Tír Chonaill’.

Rugadh Séamus in aice le Tamhnach an tSalainn sa bhliain 1868 agus mhair sé go dtí 1960. Dúirt sé féin go raibh sé ina sheanchaí cosnochta ag aois a sheacht mbliana. Fuair sé oideachas sa Model School in Inis Ceithleann agus thoisigh sé mar mhúinteoir scoile i Kinawley i gCo. Fearmanach agus ina dhiaidh sin sa scoil i nGleann Cuaiche—an scoil chuig a ndeachaigh sé féin ina ghasúr. Chuir sé scéalta beaga i mBéarla faoi bhráid Mc Adam a bhí ina eagarthóir ar an Tír Connell Vindicator i mBéal Átha Seanaigh agus bhí sé ag fáil deich scillinge an ceann orthu.

Dálta mórán eile a chuaigh ag teagasc san am sin ní raibh dúil aige sa mhúinteoireacht faoi riail Shasana agus ó tharla go raibh deacrachtaí aige leis na cigirí scoile ó thaobh teagasc stair na hÉireann d’éirigh sé as an mhúinteoireacht agus thug sé a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin ar Mheiriceá. Bhí mála beag lán scéalta leis, a dhíol sé le hirisí éagsúla agus bhí sé ag fáil $100 an ceann orthu. Bhí sé ina fhear saibhir nuair a tháinig sé abhaile i ndiaidh cúig mhí.

 Chuir sé níos mó ná tríocha leabhar i gcló i rith a shaoil. Scríobh sé cúig dráma déag, ar a laghad, chomh maith. Bhí ‘The Lad from Largymore’ ar cheann acu. D’aistrigh Seán Ó Ceallaigh as Oileán Dairbhreach i gCo. Chiarraí, a bhí ag scríobh faoin ainm cleite ‘Sceilg’ go Gaeilge é agus cuireadh ar an ardán sa Kensington Hall i Londain é sa bhliain 1908.

Phós Séamus MacMánas Anna Nic Seáin as Béal Feirste sa bhliain 1901. Bhí sise agus Alice Milligan mar eagarthóirí ar an iris ‘An Sean Bhean Bhocht’ agus casadh Séamas uirthi nuair a bhí sé ag freastal ar Chomhdháil Múinteoirí Éireann i mBéal Feirste agus arís i mBaile Átha Cliath, áit a raibh siad le chéile in eagrais a raibh baint acu le athbheochan na Gaeilge agus athbheochan na tíre. Bhí Anna ag scríobh faoin ainm cleite Ethna Carbery agus tá taighde déanta ag an staraí Helen Meehan faoina saol. Ar an drochuair níor mhair Anna ach bliain agus fuair sí bás sa bhliain 1902.

Bhí Séamus ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge i 1906 agus chuidigh sé le craobhacha de a bhunadh i dTír Chonaill. Bhí baint mhór aige le bunadh C.L.G. i dTamhnach an tSalainn sa bhliain 1905. Is dóiche gurbh é a d’eagraigh an cruinniú agus deirtear gur bhunaigh sé club d’arbh ainm Croabh Ethna Carbery’s. Bhí sé ina iontaobhaí ar Scoil Éanna agus d’fhan Pádraig Mac Piarais ina theach i dTamhnach an tSalainn nuair a bhí seisean agus daoine eile ag tabhairt cuairt ar na scoltacha i dTír Chonaill sa bhliain 1907.

Bhí Séamus ina Ollamh taisteal in Ollscoil Notre Dame ó 1904 go 1934 agus bhí an tAthair Ó Gallchóir as Baile an Teampall i gCill Chartha ina Ollamh sa Staidéar Ceilteach i Notre Dame ag an am.

Bhí a dheartháir Pádraig san Airgintín agus chuir sé an t-airgead ar fáil do Chonradh na Gaeilge leis an ‘Jail Journal’ le John Mitchel a aistriú go Gaeilge. Bhí seisean pósta le deirfiúr le Liam Bulfin agus fuair siad beirt bás de bharr fliú a fuair siad nuair a bhí siad ar cuairt lena triúr mac a bhí ar Ollscoil i bParthas na Fraince.

Phós Séamus MacMánas don dara huair le cailín a bhí ina gariníon ag an chéad Uachtarán a bhí ar Venzuela agus tá triúr garchlann leo beo i Meiriceá go fóill. Bhí deirfiúr le Séamus pósta le Mac Ruairí i dTamhnach an tSalainn agus tá garchlann s’aice-se ar an bhaile sin go fóill.

Tá Séamus agus a chéad bhean Anna Nic Seáin curtha sa reilig ins na Frossa.

I dtaca le Condaí Phroinnseais agus Ceolta Theilinn, a bheidh a sheoladh ag Lilis Ó Laoire, tá scéal Chondaí curtha ar fáil ag Pádraig Mac Seáin, a chur sé i gcló in eagrán den Bhéaloideas sa bhliain 1963.  Tá sleachta as an scéal sin ar dhlúthdhiosca agus tá dhá dhlúthdhiosca eile d'amhráin Chondaí a cheol ag Pádraig; mórán acu a chruinnigh Énrí Ó Muirgheasa agus ar cuireadh na focla i gcló i ‘Céad agus Dhá Chéad de Cheolta Uladh.

 Iascaire ab ea Condaí, a tháinig ar an saol in 1832 agus a mhair go dtí 1920. Bhí os cionn míle líne de cheol agus d’fhilíocht ina chloigeann, cé nach raibh léamh ná scríobh aige. Rugadh Pádraig Mac Seáin sa bhliain 1895 agus d’fhoghlaim sé mórán amhráin ó Chondaí, a bhí ina chomharsa béal dorais aige. Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge ag Pádraig é féin go dtí go dtug Pádraig Mac Piarais cuairt ar Scoil Theilinn sa bhliain 1907. Chuir an Phiarsach cúig leabhar Gaeilge agus cóip den Chlaíomh Solais chuige gach mí agus ba sin mar a d’fhoghlaim sé léamh na Gaeilge.

 Tá sé suntasach go bhfuil leagan de ‘Laoi na Mná Móire’ ar fáil ar cheann de na dioscaí agus bhí mórán de na scoláirí den bharúil go raibh an leagan atá anseo caillte. Tá leagan de ‘Dán na hAoine’ ar fáil ann, chomh maith le leagan Theilinn de sé amhrán déag is scór. D’obair go raibh siad caillte.